Stair na Scoile (History)

StairnaScoile

Is dócha go bhfuil sé thar am peann a chur le páipéar (nó méar go cnaipe) agus scéal bhunú Scoil Uí Riada a bhreacadh síos don saol mór.

Nuair a thána féin go Cill Choca i 1984 bhí naíonra ann leis an scoil lán ghaelach ba ghiorra i Léim a’ Bhradáin. D’aontaíos fhéin agus Helen Ó Ruairc feachtas a chur ar siúl chun ár nGaelscoil fhéin a fháil i gCill Choca. Dheineamar suirbhé ó thigh go tigh ar Pháirc Bhaile na Cúirte agus an Ghort Árd. Bhí 69% ar shon ghaelscoil, le 2% ina choinne. Ní raibh tuairim nó ba chuma leis an 29% eile.

Thugamar ár dtuairmí agus ár dtorthaí go cruinniú de Choiste Ghlór na nGael Cill Choca, agus ag an cruinniú sin d’aontaigh an tromlach dul i dteangmháil le Oifig Ghaelscoileanna  i mBaile Átha Cliath. Ar dtús más ea, chuirimís ár bhfeachtas in iúl don Sagart Paróiste, An t-Athar Mac an Bheatha (Go ndéana Dia trócaire air). Chomh fada nach gcuirfeadh an scoil seo isteach ar na scoileanna eile sa Pharóiste, bhí a bheannacht ar ár dtionscnaimh!

Tháinig Colm Ó Dúlacháin chuig ár gcéad cruinniú eile agus stiúraigh sé sin ar bhóthar na scoile. Saolaíodh coiste na gaelscoile an oíche sin…Coiste Gaelscoil Chill Choca. Ar an gcoiste sin bhí:

Peig Ó Báille, Helen Ó Ruairc, Seán Ó Síocháin, Michéal Ó Corcora, Pádraig Ó Lionáin, Maretti Uí Dhorcaí, Donncha de Búrca, Fintan Boyd agus Mary Grenell.

Fuaireamar ana chabhair ar fad ó Mhuintir Dhún Seacláin. Thánadar go cúpla cruinniú agus roinneadar a dtaithí linn. Ansan bhí Cruinniú Poiblí i seomraí an Chumainn Lúth Chleas Ghael i gCill Choca, chun an t-eolas a roinnt leis an bpobal. Mícheál Muinneóg a bhí sa chathaoir. Is trua liom a rá gurab múinteoirí ba mhó a d’fhreastail ar an gcruinniú san. Ní rabhadar ró shásta le scoil eile sa pharóiste. Eagla go gcaillfidís uimhreacha ina scoil fhéin, agus b’fhéidir a bpost a bhí ag cuir tinneas orthu. Bhí buille ar an gcat, agus buille ar an madra, buille ar an nGaeilge agus buille ar an mbéarla ann ar feadh tamaill. Ach nuair a mhaslaigh duine Colm Ó Dúlacháin, b’shin deire slí do Mhícheál. D’ordaigh sé do gach duine bheith síbhialta, nó gábháil an doras amach!

Sula bhfaighimís cead sealadach an scoil a bhunú, bhí orainn Pátrúntacht, suíomh agus daltaí a fháil. Aontaíodh ceist a chur ar an t-Easpag Dr. Lennon an pátrúntaíocht a ghlacadh. Ní raibh aon fhadhb aige sab a dhéanamh, má bhí ár Sagart Paróiste fhéin sásta. B’shin é an pátrúntaíocht socraithe!

Ba cheist eile ar fad suíomh d’fháil. Tar éis a lán aighnis, bhí Cumann Lúth Chleas Ghael Chill Choca toilteannach cead a thabhairt dhúinn pre fab a chur in aice lena ‘gclub house’. A bhuíochas san do Mick Crowe, ná maireann, agus ar dheir Dé a ainm. I ndeireadh na dála más ea, fuaireadh áit taobh thiar de shiopa bhúistéara Choynes ar chíos. Bheadh ar an scoil seachtainí a chaitheamh i Halla Naomh Íosaif nuiar a bheadh an seomra scoile a ‘chur le cheile’ dhóibh. Bhí an coiste ana bhuíoch don t-Athar Mac a’ Bheatha an halla a chuir ar fáil dhóibh. Bhí tarrach ar aon pháiste déag againn, ullamh le tosnú…

first schoolB’shin Samhain 1986 nuair a bhog an scoil isteach i Halla mór folamh taobh thiar de Shiopa Uí Chadhain. Le cabhair ó thuismitheoirí tógadh seomra ranga beag agus leithris ar mhionairgead (ní raibh airgead againn ag an am) agus lean an scoil ar aghaidh. D’fhan Scoil Uí Riada ar an láthair seo (ní fhéadfaí suíomh a thabhairt air) go dtí 1988. Is ansin a bhogamar go dtí Sráid Chonnachta agus tigín beag a bhí ansin ag Michael Sheridan – The Little House on the Prairie a tugadh air! Fuaireamar páirc deas súgartha freisin. Bhí na seomra ranga (2) beag, an bheag ach leanamar ar aghaidh.

An Bhliain dár gcionn tar éis fás réasúnta a dhéanamh, chuireamar dhá sheomra ranga réamh-déanta ar an suíomh agus anois bhí 3 rangsheomraí againn le clós (gan tarra) agus páirc beag súgarthe in aice lámha. B’iontach an dul chun cinn an suíomh nua seo dúinn agus bhí gach éinne ar raibh páirteach leis an scoil ag an am breá sásta go raibh rudaí ag dul sa treo ceart. B’iad na múinteoirí a bhí ann i 1988 ná Séamus O Muirithe, Proinsias O Logáin agus Annette Ní Chorcora.

sean scoilBhí Scoil Uí Riada (SUR) ar an suíomh í Sr Chonnachta go dtí 1993 nuair a bhog fórmhór na scoile isteach í sean fhoirgneamh na mBráithre Críostaí sa Chearnóg. Go deimhin, d’fhan dhá rang í Sr Chonnachta ar feadh na bliana sin (1993-94). B’fhin an dhá rang ba shinne sa scoil, ranganna cúig agus sé, D’fhág sé sin nach bhfuair an chéad rang iomlán a bhí againn sa scoil deis dul chuig an súiomh nua agus beagán tarra a fheiceáil ar chlós na scoile riamh.

An chéad rang iomlán a thosaigh linn ar an 8ú Meán Fómhair 1986 agus a chríochnaigh ar 30ú Meithimh 1994 ná

Pádraig Ó Lionnáin, Cilliain Grennell,  Deaglán Ó Faoláin, Deaglán Ó Siothcháin, Damien Ó Briain, Criostóir Ó Muirithe, Darren Ó Ciosóg, Niall Ó Raghallaigh, Laoise Ní Chasaide, Cáit Ní Bhraonáin, iosolde Ní Dhorchaí Sorcha Ní Chiosóig, Eibhlín Boyd, Denise de Búrca.

Bhí Aodán Ó Briain, Éamon Ó hOnáin, Siobhán Grennell agus Áine Máire Ní Fhaoláin níos sinne agus fágtha  bliain roime seo.

Ón mbliain 1994 ar aghaidh bhí an scoil lonnaithe sa chearnóg. Tháinig fás ollmhór ar líon na ngasúir sa scoil ins na naochaidí. Chuireamar seomraí réamhdhéanta ar an suíomh agus lean an fás ar aghaidh.

Í rith na h-ama seo go léir, bhí bainisteoirí na scoil ag impí ar an Roinn Oideachais foirgneamh nua a chur ar fáil don scoil. Cé go rabhadar ag éisteacht linn ní morán dul chun cinn a rinneadh í rith na naochaidí. Gluaiseann an Roinn Oideachais ag ráta nach dtuigeann éinne ach iad féin.

Sa bhliain 1998 bhí sé soiléir go mbeadh suíomh níos mó ag teastáil ón scoil. Labhamar arís leis an Roinn agus chuireamar ár bpleananna chucu. Í ndiaidh cuid mhaith comhfhreagreas, mhol an Roinn dúinn dul amach agus suíomh nua glas a lorg. Thóg an proséis seo breis agus ceithre bliana (1998-2002).

Is dócha gur cheapadar ag an am go gcoinneóidh sé seo ó dhoras na Roinne muid ar feadh cuid mhaith blianta. Ach bhí plean eile againn.

Labhamar le muintir na háite, le polaiteoirí, le Comhairle Chondae Chill Dara, agus le forbóirí áitiúla.  Faoi dheireadh, d’aimsigh muid suíomh sa Bhanóg. Í gcomhairle le Liam Doyle agus Jim Monaghan thar ceann na huinéirí chuir muid plean faoi bhráid an Chomhairle Chondae. Bhí toscairí an Chomhairle breá sásta glacadh lenár bplean cé nach raibh na polaiteoirí go léir ar ár dtaobh go fóill.

Fuaireadh cead pleanála ach bhí píosa fada le dul fós. Lean comhráití idir udaráisí na scoile, an Roinn Oideachais & Eoláíochta (ROE) and comhairle chondae Chill Dara ar aghaidgh ar feadh na blianta ina dhiaidh sin. Mura raibh sé rud amháin, bhí sé rud éigin eile ag cur moill ar an dtógra agus an ROE an t-am go léir ag sparáil na pingíní.

foundationFaoi dheireadh í mí Bhealtaine 2006 shínigh an ROE conradh le Purcell Construction an scoil a thógáil. Thóg sé breis is bliain an fhoirgneamh a chríochnú.

Bhailigh Coiste Cáirde na Scoile a lán airgead anuas tríd na blianta agus caitheadh an t-airgead seo in éineacht le airgead eile nach raibh againn chun an tógra a chriochnú.

Anois tá scoil bhreá nua againn lena bhfuil muid go léir an-shásta agus an bhrodúil aisti.

Sa scoil ta 16 rangsheomra, 2 sheomra oideachas speisialta, halla mór groí, seomra foirne & oifígí taobh istigh. Taobh amuigh tá páirc mhor ‘astro-turf’ páirceanna peile, ionad súgartha  agus dhá chlós (sóisear & sinsear)

Táimid sásta go bhfuil foirgneamh nua snásta againn ar dheireadh leis na háiseanna is nua-aimsirí. Ach ‘ní dhéanann foirgneamh scoil’ agus tá a fhios againn go maith go gcaithfidh muid leanacht orainn ag treabhadh  linn ar son na bpaistí atá faoin ár gcuram agus ar son pobal na háite atá í gconaí dilís dúinn.

Thosaigh an scoil amach í halla Naomh Iosaif sa bhliain 1986 le daréag paiste, tá 370 páiste cláraithe anois (MF ’07) Tháinig fás ar líon na ndaltaí sa scoil chuile bhliain ó osclaíodh í.

Is cinnte go bhfuil tionchar éigin againn ar an gceantar agus an pobal áitiúil.

Fad go mairfidh sé amhlaoibh !!!!!!!!!!!

IMG_3360 sm