Achoimre ar an tuairisc atá scríobhte ar an Tuairisc Matamaitic agus an Plean Feabhsúcháin Matamaitic Meitheamh 2015.
Achoimre ar an Tuairisc
Fócas na Meastóireachta
Cuid d’obair leanúnach Scoil Uí Riada is ea féin mheastóireacht scoile i dtaca leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc. Sonraíodh é sin, i bpáirt trí shúil a choimeád ar thorthaí don litearthacht Ghaeilge agus Béarla agus don uimhearthacht (torthaí trialacha caighdeánaithe). Déantar measúnú caighdeánach san uimhearthacht ar pháistí i rang a dó suas go dtí rang a sé, lena n-áirítear páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas acu.
Achoimre ar thorthaí na féinmheastóireachta scoile.
Láidreachta
Tá meon na bpáistí an-dearfach i leith an mata go ginearálta.
Uimhreas – tá an snáth seo an-láidir sa scoil.
Tá tacaíocht iontach againn ó thuismitheoirí na scoile.
Tá réimse fairsing áiseanna againn sa scoil don mhata.
Tosaíochtaí feabhsúcháin
- Ní mór díriú ar réiteach fadhbanna agus cultúr nua idir fhoghlaim agus múineadh a chothú tríd na scoile.
- Percentíl an fhadhb réiteach a ardú 3% thar 3 bliana.
- Fócas na matamaitice a dhíriú ar saol an linbh sa scoil agus sa bhaile.
Monatóireacht a dhéanamh tríd na scoile ar plean agus scéim coicíse na múinteoirí.
|
Spriocanna feabhsúcháin |
Gníomhartha de dhíth |
Daoine Freagrach |
Clár ama do na gníomhartha |
|
Bliain 1
Bliain2
Bliain 3
|
Nasc mhúinteoir (Erica Nic Suibhne)
Nasc mhúinteoir (Erica Nic Suibhne)
Nasc mhúinteoir (Erica Nic Suibhne)
|
Bealtaine 2015
Meán Fómhair 2015
Meán Fómhair 2015
Meán Fómhair 2015
Meán Fómhair 2015 Téarmaí 1/2/3
Téarma 3 Téarma 1/2/3
|
Monatóireacht agus Athbhreithniú
Am a aontú agus a chur i leataobh do ghníomhartha monatóireachta mar sh. pleanáil ranga, scéimeanna coicíse, múinteoirí ag co-oibriú lena chéile chun an plean a chur i gcríoch. Am ar leith á úsáid ag cruinnithe foirne chun cleachtais a roinnt agus a phlé. Cúig nóiméad ag gach cruinniú foirne. Gach téarma beidh mé ag seiceáil na cláir mata go bhfuil siad le feiceáil go soiléir i ngach seomra ranga. Athruithe ar chleachtais soiléir sna cuntais mhíosúla. Dul chun cinn maidir leis an bplean FMS á athbhreithniú gach bliain ag an gCoiste Mhata chun eolas a chur ar fáil do ghníomhartha. Beimid ag déanamh comparáid idir na torthaí Sigma T a bhí againn i mbliana agus na torthaí a mbeidh againn tar éis bliain 1 chun féachaint ar éirigh linn na spriocanna a leagamar amach a bhaint amach. Beidh sé seo déanta i bhfoirm graif chun comparáid a dhéanamh idir na torthaí atá againn agus an norm náisiúnta. Beidh tuairisc gairid scríofa chun na sonraí a léiriú don fhoireann go léir ag an nasc mhúinteoir.

