Tuairisc Gaeilge agus an Plean Feabhsúcháin Gaeilge Meitheamh 2014.
Achoimire na Tuairisce
Fócas na Meastóireachta Cuid d’obair leanúnach Scoil Uí Riada is ea féin mheastóireacht scoile i dtaca leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc. Sonraíodh é sin, i bpáirt trí shúil a choimeád ar thorthaí don litearthacht Ghaeilge agus Béarla agus don uimhearthacht (torthaí trialacha caighdeánaithe). Déantar measúnú caighdeánach sa Ghaeilge ar pháistí i rang a dó, ceathair agus a sé, lena n-áirítear páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Chinn an scoil tabhairt faoin nGaeilge don tosaíocht féin mheastóireachta seo mar gur Gaelscoil í.
Achoimre ar thorthaí na féin mheastóireachta scoile.
Láidreachtaí:
- Tá leibhéil ghnóthachtála sa léitheoireacht níos airde ná na noirm náisiúnta.
- Léiríonn na páistí dearcadh an-dearfacha i leith na Gaeilge.
- Tuairiscíonn gach múinteoir go mbaineann páistí úsáid as a gcuid scileanna litearthachta go hinniúil. agus iad ag foghlaim i ngach réimse den churaclam.
- Tá 86% de pháistí muiníneach as an nGaeilge atá acu agus iad ag déanamh féin-mheasúnaithe.
- Tá neart áiseanna ar fáil sa scoil chun tacú leis an bhfoghlaim agus aire na bpáistí a choinneáil.
Tosaíochtaí feabhsúcháin:
- Ní mór forbairt a dhéanamh ar leanúnachas ó thaobh teagasc na Gaeilge ó rang go rang.
- Ní mór díriú ar chruinneas agus ar shaibhreas sna scileanna labhartha go háirithe.
- Ní mór úsáid níos mó a bhaint as Séideán Sí.
- Ní mór díriú ar bhreis béime a chur ar fhorbairt scileanna éisteachta na bpaistí.
- Ní mór scileanna scríbhneoireachta cruthaitheach a fhorbairt tríd na scoile.
Achoimre ar phríomh-réimsí feabhsúcháin.
Ní mór forbairt a dhéanamh ar leanúnachas ó thaobh teagasc na Gaeilge ó rang go rang.
Ní mór díriú ar chruinneas agus ar shaibhreas sna scileanna labhartha go háirithe.
Ní mór úsáid níos mó a bhaint as Séideán Sí.
Ní mór díriú ar bhreis béime a chur ar fhorbairt scileanna éisteachta na bpaistí.
Ní mór scileanna scríbhneoireachta cruthaitheach a fhorbairt tríd na scoile.
Plean Feabhsúcháin |
Gníomhartha atá le déanamh chun an plean a chur i gcrích |
Cé tá freagrach? |
Clár ama do na gníomhartha |
n-árdóidh na torthaí trialacha san éisteacht 2% in aghaidh na bliana do na paistí ata ag feidhmiú ag STEN 8-10 agus 1% in aghaidh na bliana do phaistí ata ag feidhmiú ag STEN 4-6
|
Bliain 1/Bliain2
Bliain 3
Na cur chuige mheasúnachta don scríbhneoireacht a roinnt le tuismitheoirí. |
Gach múinteoir
Gach múinteoir
Príomhoide agus an Nasc mhúinteoir Gach ball foirne
Gach ball foirne faoi stiúir an nasc mhúinteoir
Gach múinteoir
|
Téarma 1 2014/15
Téarma 1/2/3
Téarma 1
Téarma 2/3
Téarmaí 1/2
|
Monatóireacht agus Athbhreithniú
Am ar leith á úsáid ag cruinnithe foirne chun cleachtais a roinnt agus a phlé cúig nóiméad ag gach cruinnithe foirne. Athruithe ar chleachtais soiléir sna cuntais mhíosúla. Beidh na feidhmeanna teanga le feiceáil go soiléir sa scéim coicíse agus sa chuntas míosúil as seo amach. Dul chun cinn maidir leis an bplean FS á athbhreithniú gach bliain chun eolas a chur ar fáil do ghníomhartha. Beimid ag déanamh comparáid idir na torthaí a bhí againn i mbliana agus na torthaí a mbeidh againn tar éis bliain 1 chun féachaint ar d’éirigh linn na spriocanna a leagamar amach a bhaint amach. Beidh sé seo déanta i bhfoirm graif chun comparáid a dhéanamh idir na torthaí atá againn agus an norm náisiúnta. Beidh tuairisc gairid scríofa chun na sonraí a léiriú don fhoireann go léir