Bhí rang Elaine an-gnóthach sa rang ag fáil réidh don Cháisc! Rinneamar ciseán do na uibheacha cásca agus sicín sa rang ealaíne chomh maith le nead a bhíomar ábálta ithe!! Tháinig coinín na cásca do Scoil Uí Riada agus bhí an-spraoi againn ar tóraíocht uibheacha! Féach orainn anseo –
Inniu bhí an Rás trasna Tíre 2015 ar siúl i Hawkfield, Droichead Nua. Bhuaigh Kirsten Ní Mhúineacháin 3ú áit agus Emma Ní Eochaidh 9ú áit sna cailín. Bhuaigh Oisín Ó Fearghail 2ú áit agus Conchúir Dikcius 5ú áit sna buachaillí. Fuair na buachaillí agus na cailíní dara áit sna foirne. Comhghairdeas ar an éacht seo!!! […]
Paul Robinson’s visit to Scoil Uí Riada Paul Robinson came to our school on the 13th March to speak to the pupils from 1st-6th class. He spoke about his career so far and what he is trying to achieve on his ‘Road to Rio’ for the 2016 Rio Olympics. Paul is a native of Kilcock […]
Féach ar na páistí agus iad ag cur síolta lus an chromchinn. Chomh maith leis sin bhí na páistí ag foghlaim faoi ábhar a shnámhann agus a théann faoi.
Le déanaí fuair an scoil táibléid nua. Tá siad go h-iontach agus baineann na páistí a lán taitneamh as bheith ag úsáid iad i gcomhair Mata, Béarla, Gaeilge, féachaint suas suíomh difriúil, srl. Míle buíochas don Coiste Tuistí a thug cabhair dúinn na táibléid a cheannach.
Ghlac foireann cispheile na gcailíní páirt i gcluiche ceannais an chontae ar 11/02/15. Bhí siad ag imirt in aghaidh Scoil Náisiúnta Crookstown agus bhí sé ar siúl i nDroichead Nua. Cluiche den chéad scoth a bhí ann agus thug cailíní Scoil Uí Riada sár thaispéantas don lucht féachana. Tar éis cluiche iontach, comórtasach, […]
Seachtain na Gaeilge 1ú Márta 2015 Ba mhaith liom a chur in iúl díobh go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl idir 1ú-17ú Márta 2015. Bígí ag éisteacht le KFM beidh páistí naíonáin mhóra agus rang 5 ar an raidió ar maidin le Stiofáin Mac Eochaidh thar seachtain na Gaeilge. Naíonáin-rang 2 -ealaín -amhrán […]